D’fhreastail mé inniu ar cruinniú eagraithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, mar chuid den feachtas toghchánaíochta An Ghaeilge & Do Vóta atá ar mbun acu.
Cé nach raibh mé ullmhaithe (bhíos ann mar ionadaí do Trevor Sargent), do bhaineas taithneamh as an díospóireacht. Bhí gach páirtí ann seachas an PD. D’fhoghlaim mé cúpla rudaí súimiúil. Mar shampla, deacrachtaí le caighdeán Gaeilge na múinteóirí bunscoile. Do leag Eamon Ó Cuiv béim ar Gaeilge a bheith á úsáid sna naoílanna, rud nár rith liom roimh seo. Bheinn i dteangmháil le Fingal County Childcare Committee ar an ceist seo.
I bhfírinne, ní thuigim cén fáth nach bhfuil torthaí in-fheicthe ag teacht ón Acht Teangan. Do cheapas go mbeadh deireadh ar na comharthaí aonteangacha, (is cinnte, na comharthaí le fo-scríobhinní beaga Gaeilge) cheana. Ach tá siad fós á chur suas, (ag Comhairle Contae Fhine Gall san áireamh). Níor phléadh an ceist seo.
Mar ceist deireanach, d’iarradh orainn cén fáth nach raibh Gaeilge so-feicthe ar suíomhanna idirlín na páirtithe. Thug me leithscéal ar son na Glasaigh. Ach tá rud aisteach faoin suíomh ‘s againne. Téann www.greenparty.ie chuig an suíomh "/en" ach tá leagan Gaeilge ag "/ga" cé nach bhfuil aon nasc chuige ar an príomhleathnach! Níl leagan iomlán Gaeilge ann, ach nach cheart an méid a bhfuil againn a nochtadh?
Is an suíomh seo? Seo an céad píosa uaim as Gaeilge. Beidh níos mó, go h-áirithe má iarraíonn léitheóirí uaim. (Agus cinnte, fáiltím roimh ceartucháin gramadaí srl !)
Mar focail scoir, b’éigean dom a rá gur thathnaíonn modh oibre an fheachtais liom go mór – tuairimí agus argóintí pobail na Gaeilge a bhailiú le chéile, iad a phlé agus a éagrú, agus ansin forógra a chur chuig na n-iarrthóirí agus an pobal i gcoitinne. Creidim go mór sna modhanna oibre rannpháirteacha mar seo.